Post an Stiúrthóra Iniúchóireachta

Tá Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag earcú anois do phost Stiúrthóir Iniúchóireachta. Is post de chuid an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil (TLAC) é seo. Tá tuilleadh eolais faoin deis shuntasach seo, lena n-áirítear sonraí faoi conas iarratas a dhéanamh, ar fáil anseo.

Is é 3pm Déardaoin an 21 Bealtaine 2026 an dáta deiridh le haghaidh iarratais chomhlánaithe a fháil.

An Ról

Tá Stiúrthóir Iniúchóireachta freagrach as:

  • beartais agus straitéisí iniúchóireachta iomchuí a fhorbairt
  • saincheisteanna tábhachtacha a aithint a mbíonn tionchar acu ar bhainistíocht na hearnála poiblí
  • ionadaíocht a dhéanamh don Oifig ina déileálacha ardleibhéil le comhlachtaí iniúchóireachta
  • paraiméadair a shocrú do na pleananna gnó bliantúla, agus cur i bhfeidhm na bpleananna seo a cheadú agus a bhainistiú
  • modheolaíochtaí iomchuí a cheadú agus a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéantar iniúchtaí/scrúduithe de réir na gcaighdeán gairmiúil is airde
  • réimse acmhainní a bhainistiú, lena n-áirítear acmhainní seachtracha
  • comhaid iniúchóireachta a athbhreithniú i gcomhréir leis an gcóras údaráis tarmligthe atá i bhfeidhm agus moltaí a dhéanamh de bhun na n-athbhreithnithe sin
  • tuarascálacha speisialta a athbhreithniú sula ndéanann an C&AG athbhreithniú orthu agus moltaí a dhéanamh de bhun na n-athbhreithnithe sin
  • tuarascálacha ar oibríochtaí a athbhreithniú agus gníomh cuí a dhéanamh i ndáil le tuarascálacha
  • an C&AG a chur ar an eolas le haghaidh cruinnithe Choiste na gCuntas Poiblí, agus de réir mar is gá, an C&AG a ionadaíocht ag na cruinnithe sin.

Seo a leanas an roinnt fhreagrachtaí reatha idir Stiúrthóirí:

  • Tá an Rúnaí agus an Stiúrthóir Iniúchóireachta freagrach as iniúchtaí airgeadais fhormhór na ranna agus na n-oifigí Rialtais agus roinnt comhlachtaí Stáit a stiúradh, chomh maith le feidhmeanna corparáideacha lárnacha na hOifige a stiúradh.
  • Tá Stiúrthóir Iniúchóireachta amháin freagrach as iniúchadh chomhlachtaí san earnáil sláinte (lena n-áirítear an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte), iniúchadh na hearnála oideachais (lena n-áirítear na Ranna) agus iniúchadh raon leathan comhlachtaí Stáit neamhthráchtála eile.
  • Tá Stiúrthóir Iniúchóireachta amháin freagrach as iniúchtaí na gCoimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear an Cuntas Ioncaim) agus na Roinne Coimirce Sóisialaí, comhordú agus foilsiú thuarascáil bhliantúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chuntais na seirbhísí poiblí, agus an clár tuairiscithe Luach ar Airgead.